Réitigh
An aeráid agus cúrsaí dramhaíola
Ní amháin go sábháiltear airgead de bharr athruithe ar phátrúin tomhaltais ábhar agus dea-bhainistíocht dramhaíola; tá impleachtaí suntasachta acu chun feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú agus an t-athrú aeráide a laghdú.
A leithéid de chur amú!
Samhlaigh go dtagann tú ar ais ón ollmhargadh agus go gcaitheann tú aon trian de do chuid siopadóireachta isteach sa bhruscar. Is é sin beagnach an cion bia a tháirgtear ar fud an domhain agus a chailltear nó a chuirtear amú gach bliain.
Tá an Coimisiún Eorpach ag obair chun an scéal a scaipeadh faoi shiopadóireacht chríonna, faoin gciall le dátaí ar lipéid bhia agus faoi fhuílleach bia a úsáid. Glacadh treoirlínte an Aontais i mí Dheireadh Fómhair 2017 chun é a dhéanamh níos éasca — sa chás go bhfuil sé sábháilte amhlaidh a dhéanamh — bia breise a thabhairt do bhainc bhia nó é a úsáid le haghaidh bia ainmhithe.
Oibrímis ar fad le chéile chun an 90 milliún tonna measta bia atá á chur amú faoi láthair gach bliain san Aontas a laghdú!

Bí críonna faoi dhramhaíl
An chéad uair eile a chuireann tú rud éigin sa bhruscar, déan machnamh air. Ar an meán, caitheann gach duine den 500 milliún duine atá ina gcónaí san Aontas leath-thonna bruscar tí ar shiúl gach bliain!
Cé go bhfuil an méid dramhaíola a athchúrsáiltear ag méadú, críochnaíonn a lán di suas i láithreáin líonta talún fós. De réir mar a lobhann dramhaíl, scaoileann sí méideanna ollmhóra meatáin — gás ceaptha teasa láidir — isteach san aer, rud a chuireann leis an athrú aeráide.
Sa lá inniu, ciallaíonn bainistíocht dramhaíola níos fearr go bhfuil níos mó fuinnimh á athshlánú, agus tá difear mór á dhéanamh ag reachtaíocht an Aontais maidir le líonadh talún.
Tá sé ag éirí níos tábhachtaí dramhaíl a chosc de réir mar a mhéadaíonn an daonra ar fud an domhain agus tá ár soláthar críochta acmhainní nádúrtha á ídiú againn i gcónaí.

Smaoinigh arís sula nuasghrádaíonn tú giuirléidí
Tá trealamh leictreach agus leictreonach dramhaíola (WEEE) ar an gcatagóir dramhaíola is mó fáis san Aontas. Tá WEEE lán de phlaistigh agus de mhiotail, lena n-áirítear cinn dhochracha amhail mearcair agus cinn luachmhara amhail ór i gcláir chiorcaid.
Tá spriocanna leagtha síos ag an Aontas chun fearais leictreonacha a athchúrsáil chun acmhainní a choigilt agus chun teorainn a chur leis na hábhair ghuaiseacha a d’fhéadfadh déantóirí a chur isteach i bhfearais leictreonacha, rud a thabharfadh cosaint don
lucht athchúrsála agus don chomhshaol araon.
