Cad is cúis leis an athrú aeráide?
Cúiseanna
Tá athrú tagtha ar aeráid an domhain síos tríd an stair, í ag éirí níos teo nó níos fuaire ar feadh tréimhsí fada ama de réir a chéile.
Muidne atá freagrach as
Ba thoradh ar chúiseanna nádúrtha iad na hathruithe sin, ar nós athruithe ar chlaonadh an phláinéid, gníomhaíocht na gréine agus sruthanna aigéin. Ach tá na hathruithe a fheicimid inniu difriúil — agus tá muidne freagrach astu! Trí thuilleadh de na gáis lena gceaptar teas isteach san atmaisféar a scaoileadh, tá an teocht ar an Domhan ag dul in airde go han-tapa mar gheall orainne.
An eolaíocht taobh thiar de
- An iarmhairt cheaptha teasa
- Na cúiseanna leis an athrú aeráide
- An aimsir i gcomórtas leis an aeráid
- Cad é an difear?
Nuair a bhuaileann solas na gréine dromchla an Domhain, ionsúitear cuid de agus téann sé an talamh agus na haigéin. Is féidir leis an gcuid eile den fhuinneamh éalú ar ais sa spás ach coinnítear cuid de san atmaisféar agus téann sé an Domhan. An “iarmhairt cheaptha teasa” a thugtar air seo, de bhrí go ngníomhaíonn an t-atmaisféar mar a bheadh gloine i dteach gloine ann — ag coinneáil an taobh istigh te.
Is ann don iarmhairt cheaptha teasa seo de bhrí go bhfuil gáis in atmaisféar an Domhain, go sonrach gal uisce, dé-ocsaíd charbóin, meatán agus ocsaíd nítriúil (gáis cheaptha teasa a thugtar orthu seo). Is í an “iarmhairt cheaptha teasa” seo a choinníonn ár bpláinéad ag teocht chompordach de ghnáth.
Ach tá gníomhaíochtaí an duine ag cruthú ollmhéideanna gáis cheaptha teasa atá ag méadú san atmaisféar, rud a dhéanann an iarmhairt cheaptha teasa níos láidre agus a mhéadaíonn teocht an Domhain.

Is é an méadú ar theocht an Domhain (téamh domhanda) is cúis leis an athrú aeráide. Is toradh é sin ar tuilleadh gás ceaptha teasa a bheith á gcur leis an atmaisféar, anuas ar na cinn atá ann go nádúrtha.
Is ó bhreoslaí iontaise a dhó chun fuinneamh a tháirgeadh, mar aon le gníomhaíochtaí eile an duine, amhail na foraoisí báistí a ghearradh anuas, feirmeoireacht a dhéanamh ar bheostoc, agus ceimiceáin a tháirgeadh, a thagann na gáis cheaptha teasa bhreise seo.

Tá difríocht idir an aimsir agus an aeráid ach tá gaol eatarthu fosta. Cuireann an “aimsir” síos ar na dálaí ó lá go lá in áit faoi leith — mar shampla, d’fhéadfadh go mbeadh sé scamallach agus fliuch lá amháin agus grianmhar an chéad lá eile.
Is éard is “aeráid” ann na dálaí aimsire a bhíonn in áit thar thréimhsí measartha fada ama (30 bliain, mar shampla). Bíonn aeráid the thirim i bhfásaigh, mar shampla, agus bíonn na réigiúin Artacha agus Antartacha fuar agus tirim.

An téamh domhanda i gcomórtas leis an athrú aeráide
Cuireann téamh domhanda síos ar an méadú reatha ar theocht an Domhain. Níl ann ach gné amháin den athrú aeráide. Is éard a thuigtear leis an athrú aeráide na cineálacha éagsúla éifeachtaí atá ag téamh domhanda ar chóras aeráide an Domhain agus is iomaí ceann acu ann.
Áirítear orthu sin ardú ar leibhéil na mara, oighearshruthanna ag leá, athrú ar phatrúin bháistí, adhaimsir ann níos minice (ar nós tulcaí agus tonnta teasa), athrú ar fhaid na séasúr, agus athrú ar bharra.

Ag éirí níos teo
In 2019, bhí an Domhan thart ar 1.5 °C níos teo ná ag deireadh an 19ú haois — agus meastar go rachaidh an meánteocht dhomhanda in airde tuilleadh sa 100 bliain atá romhainn. Shílfeá nach mórán é 1.5 °C, ach déan machnamh ar an méid seo a leanas:
Tharla an chuid is mó den téamh seo le 20 nó 30 bliain anuas, mar sin tá an méadú ar an teocht ag géarú.
Ná déan dearmad, is ardú meánach é sin: d’éirigh roinnt áiteanna i bhfad níos teo agus roinnt eile i bhfad níos fuaire. Mar shampla, d’éirigh an tArtach i bhfad níos teo le 60 bliain anuas agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh oighear ar bith ann sa samhradh faoi 2040. Tá ráta téimh na hEorpa níos tapa ná an ráta i réigiúin eile den domhan.
Tá staidéir áirithe a deir nach raibh an teocht le linn na hoighearaoise deiridh ach timpeall 4 °C níos fuaire ná ag deireadh an 19ú haois.
Cuir ceist ar an eolaí


Lorg coise carbóin
Tomhaiseann ár loirg charbóin an tionchar atá againn ar an bpláinéad i gcomhthéacs mhéid na ngás ceaptha teasa a tháirgimid inár ngnáthshaol, mar shampla, an méid breosla agus cumhachta a úsáidimid nó an méid a theastaíonn chun na rudaí a úsáidimid a dhéanamh.
Féach roinnt leideanna chun do lorg coise carbóin a dhéanamh níos lú sa rannán Fútsa anois atá sé.

Ó ÁIT GO HÁIT I GCÓNAÍ
Tá carbón gach áit agus tá sé i ngach rud beo — agus ionatsa fosta! Ach ní fhanann carbón in aon áit amháin.
Bíonn sé ag bogadh thart i gcónaí ó chuid amháin den phláinéad go dtí cuid eile de agus athraíonn a chruth. Mar shampla, tá carbón san aer mar ghás go príomha (dé-ocsaíd charbóin) agus ionsúnn plandaí é, lena n-áirítear crainn, agus na haigéin.
Ar an talamh, ionsúnn ainmhithe, muidne san áireamh, carbón nuair a itheann siad plandaí agus análaíonn siad amach é le linn riospráide. Nuair a fhaigheann plandaí agus ainmhithe bás, lobhann agus dianscaoileann a gconablaigh. Cruthaíonn sé sin carbón a ionsúitear ar ais sa Domhan.
Tá cion an gháis atá san atmaisféar coinnithe seasta a bheag nó a mhór leis na mílte bliain ag an timthriall carbóin.
Mar sin féin, cuireann gníomhaíochtaí an duine isteach ar an mionchothromaíocht seo, gníomhaíochtaí a scaoileann CO2 níos gaiste ná mar is féidir é a thógáil go nádúrtha nó gníomhaíochtaí a laghdaíonn na stóir nádúrtha charbóin, amhail trí dhífhoraoisiú foraoisí báistí trópaiceacha.
Méadaíonn sé sin an méid CO2 san atmaisféar, agus toisc gur gás ceaptha teasa é CO2, déanann sé sin ardú ar theocht an Domhain.
An bhfuil an poll sa chiseal ózóin freagrach as an athrú aeráide?
Ní hé!
Is gás an-úsáideach é ózón atá i bhfad suas in atmaisféar an domhain agus a ionsúnn radaíocht ultraivialait dhochrach ón ngrian.
Nuair a thuig na heolaithe go raibh gáis de dhéantús an duine a úsáidtear i gcuisneoirí agus aerasóil ag déanamh poll sa chiseal ózóin, thug an pobal idirnáisiúnta faoina ndíothú de réir a chéile. Dréachtaíodh comhaontú ar a dtugtar Prótacal Montréal chun úsáid substaintí contúirteacha, amhail clórafluaracarbóin (CFCanna), a laghdú de réir a chéile.
D'éirigh chomh maith sin leis na hiarrachtaí go meastar go dtéarnóidh an ciseal ózóin faoi lár an 21ú haois. Bhí AE chun tosaigh riamh maidir le cosaint an chisil ózóin. Cé nach é an poll sa chiseal ozóin féin is cúis leis an téamh domhanda, cabhraíonn na srianta a cuireadh ar shubstaintí a ídíonn ozón chun an t athrú aeráide a chosc, de bhrí gur gáis ceaptha teasa iad na ceimiceáin seo freisin.
Ar an drochuair, ghabh gáis fhluairínithe, ar a dtugtar F-gháis, ionad na CFCanna — agus na substaintí a tháinig ina ndiaidh — ar deireadh thiar. Níl aon éifeacht acu ar an gciseal ózóin ach is gáis chumhachtacha ceaptha teasa iad. Uair amháin eile, tá an domhan ag gníomhú: d’aontaigh gach ceann de na 198 dtír a shínigh Prótacal Montréal teorainn a chur le táirgeadh agus úsáid na ngás dochrach sin. Tá AE chun tosaigh sa domhan maidir le srian a chur lena n-úsáid agus teacht ar roghanna eile ina leith. Is é aidhm AE a astaíochtaí F-ghás a ghearradh de dhá thrian faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 2014. In 2022, mhol an Coimisiún Eorpach togra chun uaillmhian an dlí maidir le F-gháis a mhéadú, rud a chuideoidh le AE an neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050.


Breoslaí iontaise
Is iarsmaí plandaí agus ainmhithe ársa iad breoslaí iontaise — ar nós guail — atá curtha go domhain sa talamh ar feadh na milliún bliain a thiontaigh isteach go substaintí is féidir a úsáid mar bhreoslaí.

Anois ó thuigeann tú na nithe is cúis leis an athrú aeráide, cad iad a iarmhairtí?