Réitigh
An aeráid agus cúrsaí fuinnimh
Tá a lán rudaí is féidir linn — agus a chaithfimid — a dhéanamh ionas nach mbeidh ár ndomhan chomh híditheach ar fhuinneamh agus chomh díobhálach don aeráid.
Ciorruithe de dhíth!
Ní mór dúinn réitigh a fháil a chuideoidh linn astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Le taobh a bheith go maith don phláinéad, tá sé go maith dár sláinte (níos lú truaillithe), do shlándáil ár soláthairtí fuinnimh agus don gheilleagar, toisc go gcruthaíonn sé tuilleadh post.
Fuinneamh in-athnuaite
Slí amháin le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú is ea tuilleadh fuinneamh in-athnuaite a úsáid, leithéidí cumhacht gaoithe agus cumhacht gréine. Cuireann siad sin soláthairtí fuinnimh gan teorainn ar fáil, murab ionann agus breoslaí iontaise a éagfaidh lá éigin. Agus murab ionann agus breoslaí iontaise a dhó i stáisiúin chumhachta, ní tháirgeann giniúint leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh mórán gáis ceaptha teasa.
Tá AE ar thús cadhnaíochta ó thaobh teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, agus tá go leor tíortha de chuid AE atá ag giniúint go leor dá gcuid leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh cheana féin.
Ní hamháin go laghdaítear astaíochtaí trí níos mó dár bhfuinneamh a fháil ó fhoinsí in-athnuaite ach ciallaíonn sé freisin go gcaitear níos lú ar allmhairí guail, ola agus gáis ó lasmuigh de AE. In 2020, tháinig breis agus 22 % d’fhuinneamh AE ó fhoinsí in-athnuaite.
Faoin gComhaontú Glas don Eoraip, tá sé beartaithe é seo a ardú go dtí 40 % ar a laghad faoi 2030.
Is fiú an beagán!
Tá tíortha AE ag obair go dian chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, chun cabhrú le AE a spriocanna laghdaithe foriomlána a bhaint amach: – 55% faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Faoi 2050, tá sé mar aidhm ag AE a bheith aeráidneodrach, trí astaíochtaí a laghdú agus trí ghéarú a dhéanamh ar gháis ceaptha teasa a bhaint as an atmaisféar chun astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach.
Ball te
Is rud corraitheach é fuinneamh geoiteirmeach!
Is féidir le roinnt tíortha fuinneamh atá stóráilte faoi dhromchla an Domhain a úsáid chun píobáin a théann tithe agus uisce a théamh, nó chun gineadóir a tháirgeann leictreachas a thiomáint.
Úsáidtear fuinneamh geoiteirmeach ina lán spánna san Ungáir chun uisce a théamh le haghaidh caitheamh aimsire, agus tá tionscadail nuálacha um chumhacht gheoiteirmeach á dtacú ag an Aontas ansin fosta.
Fóirdheontais do bhreoslaí iontaise a laghdú
Tugtar tacaíocht airgeadais phoiblí nach beag do tháirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise, breoslaí a fhaigheann a dhá oiread nach mór d’fhóirdheontais agus a fhaigheann in-athnuaiteáin. Bheadh fuinneamh in-athnuaite níos iomaíche fós dá laghdófaí an tacaíocht a thugtar do bhreoslaí iontaise.


Raon rothar gréine
In 2014, tógadh raon rothar neamhghnách san Ísiltír: raon a ghineann cumhacht na gréine. Sa raon 72 m in Krommenie, ó thuaidh d’Amstardam, tá cealla gréine ionsuite a thiontaíonn solas na gréine go leictreachas.
Sa chéad bhliain, d’úsáid os cionn 300 000 rothaí an cosán trialach rothaíochta seo, a ghin dóthain leictreachais chun cumhacht a sholáthar do thrí theach go ceann bliana!
Idéanna úra le teacht
Chun réitigh inbhuanaithe a fháil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide tá gá le taighde úr agus fionnachtana úra eolaíochta.
Tá EUR 95.5 billiún de mhaoiniú curtha ar fáil d’Fhís Eorpach, an clár taighde agus nuálaíochta is mó riamh in AE, idir 2021 agus 2027, chun cabhrú le taighdeoirí agus nuálaithe smaointe a fhorbairt a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm san fhíorshaol.
Déanfar cuid mhór de na cistí (os cionn 35 %) a chaitheamh ar thionscadail a bhaineann leis an aeráid.
Tacaíonn an tAontas le forbairt gléasraí cumhachta ísealcharbóin nuálacha chomh maith.

Siopadóireacht inbhuanaithe
In 2016, chuaigh cathair Modena na hIodáile i gcomhpháirtíocht le comhairligh teicneolaíochta comhshaoil chun ollmhargadh mór a athchóiriú, faoi thionscadail a mhaoinigh an tAontas chun an ceantar a nuachóiriú agus é a dhéanamh níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
A bhuíochas ar réitigh nuálacha, ar nós feadán gréine a thugann solas na gréine (saor in aisce) isteach san ollmhargadh, is lú fuinneamh a úsáideann an t-ollmhargadh anois agus is lú na costais oibriúcháin.

Fuinneamh a bheidh 100 % in-athnuaite faoi 2030?
I gcontae Kalmar na Sualainne, tá údaráis áitiúla agus cuideachtaí fuinnimh ag comhoibriú chun an ceantar seo a dhéanamh saor ó bhreosla iontaise faoi 2030.
Ar an tslí seo cinnteofar go mbeidh an fhorbairt inbhuanaithe agus cruthófar poist. Ar na gníomhartha chuige seo tá busanna a ritheann ar fhuinneamh atá 100 % in-athnuaite, tionscnaimh chomhroinnte carranna (cuid acu ina gcarranna leictreacha cheana féin), breosla a sholáthar as dramhbhia agus fuinneamh a fháil ó fheirmeacha gréine agus gaoithe.
