Skip to main content
Ár bPláinéad, Ár dTodhchaí

Réitigh

Difríocht a dhéanamh

Réitigh

Is é an dúshlán is tábhachtaí atá os ár gcomhair inniu stop a chur leis an athrú aeráide ó éirí níos measa.

Is fúinne anois atá sé

Tá a lán rudaí is féidir linn — agus a chaithfimid — a dhéanamh ionas nach mbeidh ár ndomhan chomh híditheach ar fhuinneamh agus chomh díobhálach don aeráid. Ciallaíonn sé sin réitigh a fháil a chuideoidh linn astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Le taobh a bheith go maith don phláinéad, tá sé go maith dár sláinte (níos lú truaillithe), do shlándáil ár soláthairtí fuinnimh agus don gheilleagar toisc go gcruthaíonn sé tuilleadh post.

An eolaíocht taobh thiar de

Gach 6 bliana nó 7 mbliana, foilsíonn comhlacht eolaíochta tábhachtach ar a dtugtar an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIAA) tuarascáil maidir le fianaise eolaíoch ar an athrú aeráide. Cuireann na heolaithe um aeráid is mó a bhfuil tionchar acu agus is mó a bhfuil meas orthu leis seo.

Déanann siad na mílte páipéar eolaíochta a mheasúnú chun tuairisc chothrom le dáta a thabhairt maidir le bail na haeráide agus roghanna chun dul i ngleic leis an téamh domhanda agus na hathruithe a thagann leis.

Bhí na céadta údar páirteach sna tuarascálacha is déanaí a cuireadh le Tuarascálacha Measúnaithe IPCC (AR6), a foilsíodh in 2022. Tugann siad breac-chuntas ar an tionchar a bheadh ag téamh domhanda de 1.5 °C os cionn leibhéil réamhthionsclaíocha agus ag cosáin astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda ghaolmhara.

Mar sin féin, deir na tuarascálacha freisin nach bhfuil sé ródhéanach chun athrú aeráide contúirteach a chosc, ach ní mór don domhan gníomhú go tapa chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú.

Ag athrú leis an aeráid

Cibé acu más olc maith linn é, tá an t-athrú aeráide ina chuid dár saol.

Fiú dá mbeimis ábalta deireadh a chur lenár n-astaíochtaí go léir amárach, bheadh gá an pláinéad a athshlánú fós ó na gáis cheaptha teasa atá san atmaisféar cheana. Ciallaíonn sé sin go gcaithfimid oiriúnú do na hathruithe atá ag tarlú anois agus plean a dhéanamh don todhchaí chun an damáiste a d’fhéadfadh tarlú leis an athrú aeráide a chosc nó a shrianadh.

An Comhaontú Glas don Eoraip

Seoladh an Comhaontú Glas don Eoraip in 2019, agus is é ár bplean é chun AE a dhéanamh aeráidneodrach faoi 2050. Is mian linn geilleagar nua-aimseartha, atá tíosach ar acmhainní agus iomaíoch a dhéanamh de AE, a chinntiú nach ndéanfar aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050, fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó úsáid acmhainní, agus é sin go léir a dhéanamh gan aon duine ná áit a fhágáil inár ndiaidh.

In 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach pacáiste tograí níos uaillmhianaí fós chun beartais aeráide, fuinnimh, úsáide talún, iompair agus cánachais AE a oiriúnú chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990.

Cuir ceist ar an eolaí

Avatar boy character
Conas a chuidíonn an eolaíocht dul i ngleic leis an athrú aeráide?
Scientist avatar
Baineann sé go léir le heolaíocht. Cuidíonn sé linn tuiscint a fháil ar na hathruithe atá ag tarlú anois agus na cinn a d’fhéadfaí tarlú amach anseo ag brath ar ár ngníomhartha inniu agus thar 20 nó 30 bliain amach romhainn. Soláthraíonn an eolaíocht an fhianaise láidir trína dtugtar treoir d’eolaithe agus trína gcuirtear ar a gcumas cinntí eolacha a dhéanamh maidir leis an mbeart is fearr a dhéanamh.
— An Dr. Jolene Cook, eolaí aeráide