Skip to main content
Ár bPláinéad, Ár dTodhchaí

Iarmhairtí

Saol atá ag athrú

Iarmhairtí

Tá éifeachtaí an athraithe aeráide á mothú ar gach críoch ar fud an domhain agus tá sé tuartha go n-éireoidh siad níos minice agus níos déine sna blianta amach romhainn.

Tá fadhbanna éagsúla le sárú ag tíortha agus ag réigiúin éagsúla.

Tá an chumhacht ag na hathruithe sin ár ndomhan a athrú, ag dul i bhfeidhm ar bhia agus ar sholáthairtí uisce agus ar ár sláinte. Dá mhéad iad na fadhbanna, is ea is deacra agus is costasaí a bheidh sé iad a réiteach — agus is é sin an fáth gurb é an rogha is fearr rud éigin a dhéanamh go luath chun déileáil leis an athrú aeráide.

Conas a dhéantar an t-athrú aeráide a thomhas?

I samplaí oighir a tógadh thíos go domhain faoin Antartach fuarthas bolgáin aeir ó 650 000 bliain ó shin. Insíonn siad dúinn faoi leibhéil na ngás ceaptha teasa san am a chuaigh thart, agus léiríonn siad go raibh an tiúchan CO2 agus meatán san atmaisféar i bhfad níos ísle ná atá siad inniu.

Léiríonn fáinne bliantúil fás bliana. Déanann eolaithe staidéar ar fháinní bliantúla i gcrainn an-sean chun conas a d’athraigh an aeráid le himeacht ama a fháil amach. Mar shampla, bíonn fáinní bliantúla níos tanaí nuair a bhíonn an aimsir fuar nó tirim.

Tá leibhéil CO2 san atmaisféar á dtomhas ag The Mauna Loa Observatory in Haváí, na Stáit Aontaithe (SA), ó bhí 1958 ann. Tá na toisí a glacadh ón suíomh iargúlta seo, áit nach gcuirtear isteach ar an aer, ina dtáscaire maith de leibhéil CO2 dhomhanda.

Is féidir íomhánna satailíte a úsáid chun athruithe ar chumhdach oighir mhuir an Artaigh thar thréimhse ama a thaispeáint.

An drochscéala

Aontaíonn formhór na n-eolaithe go bhfuil an pláinéad ag téamh níos gaiste ná a bhí riamh roimhe i ngeall ar na méideanna ollmhóra gáis cheaptha teasa atá á bpumpáil isteach san atmaisféar mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an duine. Áirítear leis sin gníomhaíochtaí amhail breoslaí iontaise a dhó (gual, ola agus gás), carranna a thiomáint agus foraoisí a ghearradh anuas.

Tá iarmhairtí an athraithe aeráide feicthe — agus fiú mothaithe — ag a lán againn. Ach ní faoi adhaimsir ar nós tuilte, triomaigh agus hairicíní amháin atá sé. Is féidir leis na hathruithe inár n-aeráid an dóigh a mairimid a athrú go hiomlán, athruithe a bheidh níos moille agus nach mbeidh chomh feiceálach céanna.

An dea-scéala

An dea-scéala ná gur aontaigh 195 thír (an domhan iomlán, nach mór) an chéad bheart domhanda atá ina cheangal dlí i bPáras i mí na Nollag 2015, chun déileáil leis an athrú aeráide. Tá rialtais, cuideachtaí agus daoine aonair san AE agus ar fud an domhain ag oibriú cheana féin chun dul i ngleic le cad is cúis leis agus oiriúnú do na hathruithe a ghabhann leis.

Ní mór dúinn go léir ár gcion a dhéanamh toisc gur fadhb dhomhanda é an t-athrú aeráide agus is féidir leis tionchar a imirt orainn go léir.

Tá pláinéad amháin i bpáirt againn go léir agus is féidir leis na hathruithe a dhéanaimid in áit amháin tionchar a bheith acu in áit i bhfad i gcéin. D’fhéadfá a rá go ndéanann ár n-iompraíocht imprisean buan, cosúil le lorg coise. Mar sin, trínár ngníomhartha agus trínár roghanna, is féidir le gach duine againn bearta a dhéanamh chun loirg choise níos lú a fhágáil agus chun cuidiú dul i ngleic leis an athrú aeráide.

An raibh a fhios agat

Tharla os cionn 30 000 tubaiste nádúrtha ar fud an domhain idir 1900 agus 2015, a chosain €6 thrilliún.

An raibh a fhios agat

Tharla os cionn 30 000 tubaiste nádúrtha ar fud an domhain idir 1900 agus 2015, a chosain €6 thrilliún.

Adhaimsir mar thoradh ar an athrú aeráide

Cursor map helper

Conas...

Cliceáil ar an léarscáil idirghníomhach go bhfeice tú samplaí d'aimhrialtachtaí ar fud an domhain a bhaineann leis an aimsir
World map
Ag mothú an teasa

Bíonn tréimhsí níos faide teo agus níos lú laethanta fuara sa domhan inniu. D’fhéadfadh ganntanas uisce, triomach agus fadhbanna sláinte ar nós stróc teasa, nó fiú bás tarlú mar gheall air. Is féidir le falscaithe scriosacha tarlú, freisin, mar gheall ar easpa báistí.

An Astráil

Tuaradh agus cailleadh os cionn 50% de Mhórsceir Bhacainneach na hAstráile idir 2016 agus 2018.

Stoirmeacha fiáine

Táthar ag nascadh téamh domhanda le stoirmeacha níos fiáine agus níos díobhálaí a chruthaíonn thar dhobharlaigh the nuair a bhíonn a lán aeir the, fhliuch san atmaisféar. Ar an talamh, is féidir leis na gaotha gasta bíseacha crainn a dhífhréamhú, foirgnimh a scriosadh agus feithiclí a thiontú bunoscionn.

Muir na Síne Theas

Réab Tíofún Mangkhut trí Mhuir na Síne Theas i lár Mheán Fómhair 2018. Cailleadh 134 duine agus bhí os cionn 2.4 milliún níos measa dá bharr.

Ag mothú an teasa

Bíonn tréimhsí níos faide teo agus níos lú laethanta fuara sa domhan inniu. D’fhéadfadh ganntanas uisce, triomach agus fadhbanna sláinte ar nós stróc teasa, nó fiú bás tarlú mar gheall air. Is féidir le falscaithe scriosacha tarlú, freisin, mar gheall ar easpa báistí.

An tSeapáin

Cailleadh breis agus 150 duine sa tSeapáin in 2018 de bharr teochtaí samhraidh nach bhfacthas riamh roimhe sin.

Stoirmeacha fiáine

Táthar ag nascadh téamh domhanda le stoirmeacha níos fiáine agus níos díobhálaí a chruthaíonn thar dhobharlaigh the nuair a bhíonn a lán aeir the, fhliuch san atmaisféar. Ar an talamh, is féidir leis na gaotha gasta bíseacha crainn a dhífhréamhú, foirgnimh a scriosadh agus feithiclí a thiontú bunoscionn.

An Afraic Theas

Bhí Cioclón Idai (4-21 Márta 2019) ar cheann de na cioclóin thrópaiceacha ba mheasa riamh a bhuail an Afraic agus an Leathsféar Theas. Rinne sé damáiste tubaisteach i Mósaimbíc, sa tSiombáib, agus i Malávach, fágadh 1 000 duine marbh agus na mílte duine ar iarraidh.

Ag mothú an teasa

Bíonn tréimhsí níos faide teo agus níos lú laethanta fuara sa domhan inniu. D’fhéadfadh ganntanas uisce, triomach agus fadhbanna sláinte ar nós stróc teasa, nó fiú bás tarlú mar gheall air. Is féidir le falscaithe scriosacha tarlú, freisin, mar gheall ar easpa báistí.

An Eoraip

In 2018, bhí teochtaí arda, gaotha láidre agus taise íseal aeir san Eoraip ina gcúis le falscaithe a rinne damáiste forleathan san Eastóin, sa Ghréig, sa Phortaingéil agus sa tSualainn.

Ag mothú an teasa

Bíonn tréimhsí níos faide teo agus níos lú laethanta fuara sa domhan inniu. D’fhéadfadh ganntanas uisce, triomach agus fadhbanna sláinte ar nós stróc teasa, nó fiú bás tarlú mar gheall air. Is féidir le falscaithe scriosacha tarlú, freisin, mar gheall ar easpa báistí.

An Eoraip

Cláraíodh na 10 mbliana ba theo san Eoraip riamh ó bhí 2000 ann, agus ba iad 2014-2020 na 7 mbliana ba theo.

Ag mothú an teasa

Bíonn tréimhsí níos faide teo agus níos lú laethanta fuara sa domhan inniu. D’fhéadfadh ganntanas uisce, triomach agus fadhbanna sláinte ar nós stróc teasa, nó fiú bás tarlú mar gheall air. Is féidir le falscaithe scriosacha tarlú, freisin, mar gheall ar easpa báistí.

An tArtach

In 2020, bhí an t-uasmhéid oighir farraige ar an dara méid ab ísle a taifeadadh riamh.

Ag mothú an teasa

Bíonn tréimhsí níos faide teo agus níos lú laethanta fuara sa domhan inniu. D’fhéadfadh ganntanas uisce, triomach agus fadhbanna sláinte ar nós stróc teasa, nó fiú bás tarlú mar gheall air. Is féidir le falscaithe scriosacha tarlú, freisin, mar gheall ar easpa báistí.

An Airgintín

Bhuail drochthriomach an Airgintín idir Deireadh Fómhair 2017 agus Márta 2018, nuair a bhí an bháisteach 43% níos lú ná an meán sna ceantair ba mheasa.

Ag mothú an teasa

Bíonn tréimhsí níos faide teo agus níos lú laethanta fuara sa domhan inniu. D’fhéadfadh ganntanas uisce, triomach agus fadhbanna sláinte ar nós stróc teasa, nó fiú bás tarlú mar gheall air. Is féidir le falscaithe scriosacha tarlú, freisin, mar gheall ar easpa báistí.

Iarthar SAM

Tharla falscaithe millteacha in iarthar Stáit Aontaithe Mheiriceá in 2018, lena n-áirítear dóiteán Choimpléasc Mendocino (an ceann is mó i stair California) agus an Dóiteán Campa, an ceann inar maraíodh an líon is mó daoine riamh in California chomh maith leis an gceann is tubaistí dár taifeadadh riamh ó thaobh caillteanas maoine.

Stoirmeacha fiáine

Táthar ag nascadh téamh domhanda le stoirmeacha níos fiáine agus níos díobhálaí a chruthaíonn thar dhobharlaigh the nuair a bhíonn a lán aeir the, fhliuch san atmaisféar. Ar an talamh, is féidir leis na gaotha gasta bíseacha crainn a dhífhréamhú, foirgnimh a scriosadh agus feithiclí a thiontú bunoscionn.

Oirthuaisceart an Aigéin Chiúin

In 2018, taifeadadh luach 316.3 kt2 d'Fhuinneamh Carntha Cioclóin in imchuach Oirthuaisceart an Aigéin Chiúin, an luach ab airde ó tosaíodh ar thaifid iontaofa satailíte a choimeád.

Aigéin ar an líne thosaigh

Ardú ar leibhéil na mara

Idir 1901 agus 2010, d’ardaigh an meánleibhéal mara ar fud an domhain 19 cm. Tá dhá phríomhchúis leis sin: an chéad rud ná de réir mar a éiríonn uisce níos teo méadaíonn sé agus glacann sé níos mó spáis. An dara rud ná go bhfuil oighearshruthanna agus na leatháin mhóra oighir sa Ghraonlainn agus san Antartach ag leá níos gaiste leis an téamh domhanda, ag cur tuilleadh uisce isteach sna haigéin.

Tarlaíonn tuile ar imeallbhoird ísle mar thoradh ar an ardú ar leibhéil na mara agus tá an baol ann go gcuirfidh sé roinnt oileán faoi uisce go hiomlán.

D’fhéadfadh leibhéil mhara arda dochar a dhéanamh chomh maith d’éiceachórais chósta thábhachtacha ar nós foraoisí mangróbh, ar cuain nádúrtha shábháilte iad d’éisc óga agus d’fhiadhúlra eile, á gcosaint ó na stoirmeacha a chreimeann cóstaí. Agus nuair a mhaothaíonn sáile isteach sa talamh, scriosann sé soláthairtí uisce agus milleann sé ithreacha, agus ní féidir barra a fhás dá bharr.

Oileáin faoi bhagairt

An féidir leat a shamhlú go bhféadfadh do theach a bheith faoi uisce lá éigin?

Tá na hOileáin Marshall san Aigéan Ciúin thuaidh ar cheann de na tíortha oileáin is leochailí ar an domhan, agus a lán den talamh ina luí thart ar thrí mhéadar go díreach os cionn leibhéal na mara.

Deir eolaithe go gcuirfeadh ardú áitiúil 80 cm go díreach ar leibhéal na mara dhá thrian den talamh faoi uisce.

An raibh a fhios agat

Creideann eolaithe go bhfuil aibhneacha á n-aigéadú níos gaiste inniu ná a bhí ag am ar bith riamh le 300 milliún bliain anuas.

An raibh a fhios agat

Ionsúnn aigéin thart ar 4 kg CO2 in aghaidh an duine sa lá.

Aigéin níos teo

Tá tionchar mór ag an athrú aeráide ar aigéin an domhain chomh maith. Tá os cionn 90 % den teas breise ó athruithe ar an atmaisféar a tharla de bharr ár ngníomhaíochtaí ionsúite ag aigéin le 40 bliain anuas.

Cé go gciallaíonn sé sin nach bhfuil an t-atmaisféar ag téamh a mhéad a d’fhéadfadh sé, tá na haigéin á dtéamh aige. Nuair a bhraitheann speicis amhail éisc, séacla, míolta móra agus planctón (orgánaigh bheaga a itheann éisc) ardú teochta san uisce, imirceann siad i dtreo na mol mar a bhfuil sé níos fuaire.

Mar sin féin, póraíonn crilleanna beaga bídeacha cosúil le séaclaí, a itheann iasc agus míolta móra, níos fearr in uisce fuar. Ciallaíonn uisce níos teo go mbeidh níos lú crilleanna agus níos lú iasc ann. Bíonn deacracht ag sceireacha coiréil, ina gcónaíonn thart ar 25 % den bheatha mhara agus ina bpóraíonn a lán iasc, maireachtáil nuair a éiríonn an t-uisce róthe.

Ionsúnn an t-aigéan thart ar cheathrú den dé-ocsaíd charbóin a scaoilimid gach bliain, agus ciallaíonn an méadú ar leibhéil CO2 go bhfuil méideanna móra den ghás á stóráil sna farraigí. Cuidíonn sé seo leis an aeráid a rialú ach tá an chothromaíocht cheimiceach sna haigéin á hathrú aige.

Tá na huiscí ag éirí níos aigéadaí, rud atá díobhálach don bheatha mhara, go háirithe do chréatúir farraige a thógann sliogáin amhail gliomaigh, oisrí agus sceireacha.

Is údar imní ar leith é seo de bhrí go bhfuil na horgánaigh seo ag tús an tslabhra bhia i gcás go leor speiceas.

An raibh a fhios agat

Ní úruisce é ach 2.5 % den uisce ar an Domhan. Tá dhá thrian de seo reoite in oighearshrutha agus i gcaidhpeanna polacha oighir. Mar sin bain úsáid chríonna as uisce!

Ainmnithe atá buailte go dona ag an athrú aeráide

Bagairt ar an mbia polach

Bhog a lán speicis talún agus farraige go dtí suíomhanna úra cheana féin. Beidh cuid díobh i mbaol a ndíothaithe mura ndéantar rud éigin faoin athrú aeráide.

Teastaíonn algaí beaga bídeacha a fhásann ar an taobh thíos den oighear ó na creachadóirí pholaigh is mó, amhail róin, liopaird agus béir bhána. Is iad na halgaí sin tosach beagnach gach slabhra bia polach. Itheann planctóin na halgaí, éisc bheaga agus crilleanna agus itheann créatúir eile na planctóin, agus mar sin de suas an slabhra bia go dtí iasc, piongainí agus róin. Toisc níos lú oighear mara Antartach agus Artach a bheith ann, tá na slabhraí bia sin ag briseadh síos.

Agus cad iad na iarmhairtí do dhaoine?

Tá an t-athrú aeráide tar éis buanathruithe a dhéanamh ar an Domhan, agus tá na hathruithe sin ag dul i gcion de réir a chéile ar shlí mhaireachtála an duine.

An raibh a fhios agat

Measann Foras Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe go bhfuil 71 as an 100 nó níos mó cineál bairr a sholáthraíonn 90 % den bhia ar fud an domhain, pailnithe ag beacha!

Muiscítí dhainséaracha

Ciallaíonn athruithe ar an aeráid go bhfuil feithidí áirithe a chónaíodh i réigiún amháin roimhe seo tar éis ionradh a dhéanamh ar áiteanna nua.

Iompraíonn roinnt muiscítí galair amhail an fiabhras buí, an fiabhras deinge, chikungunya agus maláire nuair a bhaineann siad greim asat. I dtosach, ní raibh cónaí ar na feithidí sin ach in áiteanna trópaiceacha, ach cónaíonn agus póraíonn cuid díobh i ndeisceart na hEorpa inniu toisc go bhfuil an aeráid níos teo.

Níos lú bia, níos mó fadhbanna

Is meascán tubaisteach é teas garg agus easpa uisce do bharra agus do sholáthairtí bia an domhain. Tá uisce de dhíth ar phlandaí chun maireachtáil, agus gan plandaí le hithe, fágtar ocras ar bheostoc ar nós eallaigh chomh maith. Nuair a thriomaíonn an tsraith uachtarach ithreach i gcuibhreann feirmeora éiríonn sí deannachúil agus séideann sí ar shiúl, ag tabhairt léi na cothaithigh thábhachtacha atá de dhíth ar na plandaí.

Bíonn níos lú bia ann mar thoradh air sin, agus is fadhb mhór é sin toisc go bhfuil daonra an domhain ar tí méadú ó 7 mbilliún inniu go dtí 9 mbilliún faoi 2050, agus mar sin tá níos mó bia, ní níos lú bia, de dhíth orainn.

Tá ár soláthairtí bia faoi bhagairt fosta ag éifeacht dhiúltach an athraithe aeráide ar bheacha agus ar phailneoirí eile. Ciallaíonn sé seo go léir nach mór dúinn an t-athrú aeráide a chosc a mhéid is féidir, agus an talmhaíocht a oiriúnú d’aeráid atá ag athrú.

Cathair ag dul faoi uisce

Tá na pílí adhmaid ar a bhfuil an Veinéis tógtha á slogadh isteach sa láib sa mhurlach éadomhain i Muir Aidriad.

Agus uiscí an mhurlaigh ag ardú thart ar 2 mm gach bliain, is é an éifeacht chomhcheangailte ardú 4 mm sa bhliain ar leibhéal na farraige.

Déanann tuilte rialta damáiste do na foirgnimh stairiúla, clúdaíonn siad cosáin agus cuireann siad isteach ar an turasóireacht.

Mar sin féin, tá tionscadal ar bun chun 78 ngeata cruach ollmhóra a shuiteáil chun an chathair a chosaint ar thuilte suas le 3 m. Chomh maith leis na geataí, gheobhaidh an Veinéis cosaint bhreise trí riasca goirt a athchóiriú, a fheidhmíonn mar bhacainní nádúrtha i gcoinne ardú ar leibhéal na farraige.

An raibh a fhios agat

Chuaigh cathair na Veinéise breis is 20 cm faoi uisce sa 20ú haois.