Réitigh
An aeráid agus an chathair
Tarlaíonn cuid mhór den athrú aeráide mar gheall ar chathracha — ach ní iontas ar bith é sin, ós rud é gurb ann atá cónaí ar 75 % nó mar sin de mhuintir na hEorpa inniu.
Cathracha móra, loirg choise mhóra
Mar chroíláir ghníomhaíochta, is foinse mhór astaíochtaí carbóin iad. Úsáidtear 60-80 % den fhuinneamh domhanda i gceantair uirbeacha agus astaítear thart ar an sciar céanna d’astaíochtaí CO₂ iontu, dá bhrí sin tá lorg coise carbóin mór acu. Is cuid den fhadhb iad cathracha, ach is féidir leo a bheith mar chuid den réiteach chomh maith.
Tá cathracha ar fud an Aontais Eorpaigh ag athrú chun feabhais, a bhuíochas ar nuálaíocht agus fís ceannairí áitiúla atá ag cuidiú le hastaíochtaí a laghdú agus oiriúnú do thionchar an athraithe aeráide trí phleanáil chliste agus scéimeanna cliste.
Méaraí ag a bhfuil misean
Tá tiomantas deonach déanta ag cathracha ar fud an Aontais maidir le bearta a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ullmhú do thionchar an athraithe aeráide.
Ghlac siad ballraíocht i gCúnant na Méaraí, scéim de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ina spreagtar cathracha chun astaíochtaí a laghdú agus oiriúnú don athrú aeráide. Sna cathracha, tá éifeachtúlacht fuinnimh á méadú agus foinsí fuinnimh in-athnuaite agus córacha taistil inbhuanaithe á n-úsáid, mar aon le bonneagar “aeráid-dhíonach”, limistéir ghlasa uirbeacha a fhorbairt agus cosaint shibhialta a oiriúnú, i measc tionscnamh eile.
In 2016, seoladh Cúnant na Méaraí Domhanda don Aeráid agus don Fhuinneamh chun dlús a chur le gníomhú ar son na haeráide ar an leibhéal áitiúil ar fud an domhain.
Anois tá breis agus 11 500 cathair as 142 thír agus sé mhór-roinn ag obair le chéile ar son na haeráide. An bhfuil do chathair — nó an chathair is gaire duit — ar bord?
Cathracha inrochtana
Is dóigh iontach é laethanta saor ó charranna ionas go bhféachfaidh daoine ar bhealaí eile chun dul tríd an mbaile. Is é seo ceann de na himeachtaí a bhíonn ar siúl i mórán cathracha le linn Sheachtain Réthaistil na hEorpa, feachtas atá tacaithe ag an gCoimisiún Eorpach agus a eagraítear gach Meán Fómhair.
Tugadh os cionn 8 000 beart buan isteach, amhail scéimeanna um chomhroinnt carranna agus um chomhroinnt rothar, de bharr an fheachtais.
Ag ullmhú d’adhaimsir i gCóbanhávan
I mí Iúil 2011, chuir sé i gCóbanhávan ...
ach ní gnáthchith ar bith a bhí ann. Thit thart ar 15 cm báistí i dtréimhse 2 uair an chloig. Ní raibh draenacha na cathrach in ann don mhéid uisce agus ní raibh sé i bhfad go raibh foirgnimh agus bóithre faoi thuile.
Bhí dhá ospidéal mhóra i gCóbanhávan faoi bhagairt go ndúnfaidís mar gheall ar thuile agus ar ghearradh cumhachta. Chuir an teagmhas sin ceannairí na cathrach ag machnamh faoi phlean a dhréachtú chun an chathair a chosaint ar theagmhais adhaimsire amach anseo.
Mar thoradh air sin, forbraíodh Plean Bainistíochta Maidhm Bháistí a chuideoidh ní amháin chun an t-uisce báistí a bhainistiú níos fearr amach anseo ach atá ag cur feabhais ar cháilíocht shaol na cathrach fosta. Áirítear moltaí sa scéim fiú chun rotharbhealaí úra a fhorbairt a fheidhmeoidh mar chainéil uisce stoirme chomh maith.

Coigil fuinneamh, coigil airgead
Le foirgnimh agus fearais níos éifeachtaí is féidir méideanna móra fuinnimh, astaíochtaí agus airgid a choigilt. Is chun tithe a théamh a úsáidtear a lán den fhuinneamh i dtithe an Aontais.
Is iad seo a leanas cúpla bealach go díreach chun lorg coise carbóin ár dtithe, scoileanna agus oifigí a laghdú — fuinneoga tríghloinithe chun an teas a choinneáil istigh, insliú maith agus díonta cumhdaithe le plandaí ina stóráiltear uisce báistí agus a chuidíonn leis na foirgnimh a choinneáil fionnuar.

Príomhchathracha glasa na hEorpa
Tugtar gradam Phríomhchathair Ghlas na hEorpa do chathracha atá tiomanta do bheith níos inbhuanaithe. Is é an aidhm aitheantas a thabhairt do chathracha a bhaineann amach ardchaighdeáin chomhshaoil san fhadtéarma, tabhairt ar chathracha spriocanna ardaidhmeannacha a shocrú agus a chéile a spreagadh agus smaointe agus eispéiris a roinnt.