Skip to main content
Ár bPláinéad, Ár dTodhchaí

Réiteach tionsclaíochta

Réitigh

An aeráid agus
an tionsclaíocht

Scaoiltear méideanna móra CO2 agus gáis cheaptha teasa eile (GCTanna) ó mhonarchana ina ndéantar na táirgí a úsáidimid gach lá agus ó stáisiúin chumhachta a tháirgeann an leictreachas a theastaíonn uainn chun ár dtithe, ár scoileanna agus ár n-oifigí a chumhachtú.

Íoc as d'astaíochtaí!

Chun cuidiú leis na hastaíochtaí sin a laghdú, tá an chéad chóras agus an córas is gaiste sa domhan deartha ag an Aontas lena gcuirtear teorainn leis an méid GCTanna is féidir a astú agus lena gceanglaítear ar chuideachtaí íoc as na hastaíochtaí a scaoileann siad isteach san atmaisféar.

Tionscail níos glaine

Lainseáladh Scéim an Aontais maidir le Trádáil Astaíochtaí in 2005 agus is príomhchuid í de bheartas aeráide an Aontais. Cumhdaíonn sé os cionn 10 000 stáisiún cumhachta agus monarchana — agus áirítear leis astaíochtaí ó eitiltí laistigh den Aontas Eorpach.

I Scéim an Aontais maidir le Trádáil Astaíochtaí cuirtear teorainn leis an méid bliantúil GCTanna is féidir le cuideachtaí a astú. Tagann laghdú ar an méid foriomlán gach bliain, agus toisc go dtuairiscíonn cuideachtaí a n-astaíochtaí, is féidir linn a bheith cinnte go bhfuil an truailliú á laghdú ag an gcóras.

Dá mhéad GCTanna a astaíonn cuideachtaí, is ea is mó a chaithfidh siad a íoc, mar sin is é a leas é a laghad is féidir a astú, mar shampla, trí infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí níos glaine lena dtáirgtear níos lú CO2.

Sa lá inniu, tá córais den sórt céanna á mbunú ar fud an domhain, mar shampla sa tSín, sa Chóiré Theas agus in California.

Maidir le hearnálacha nach bhfuil san áireamh i Scéim an Aontais maidir le Trádáil Astaíochtaí, ar nós iompar ar bhóithre, tógáil, talmhaíocht agus dramhaíl, ní mór astaíochtaí GCT a laghdú tuilleadh, de bhrí go bhfuil sprioc náisiúnta socraithe do gach tír den Aontas maidir le laghdú astaíochtaí sna hearnálacha seo.

Ag tacú leis an teicneolaíocht úr

Tá AE ag cuidiú chun teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin a fhorbairt tríd an gCiste Nuálaíochta. Tugann sé réitigh thionsclaíocha chuig an margadh chun an Eoraip a dhícharbónú agus chun tacú lena haistriú go dtí an aeráidneodracht. Soláthróidh an Ciste Nuálaíochta thart ar EUR 38 mbilliún ó 2020 go 2030 (ag brath ar phraghas an charbóin, toisc gurb é Córas Trádála Astaíochtaí AE a mhaoiníonn é trí liúntais astaíochtaí carbóin a chur ar ceant).

Tacaíonn an Ciste Nuálaíochta le tionscadail a dhíríonn ar theicneolaíochtaí agus próisis ísealcharbóin i dtionscail atá dian ar fhuinneamh, fuinneamh in-athnuaite, stóráil fuinnimh, agus teicneolaíocht nua a ghabhann carbón agus a stórálann faoi thalamh é.

Leanfaidh AE agus a Bhallstáit ar aghaidh ag tacú le taighde agus forbairt le haghaidh nuálaíochtaí ísealcharbóin tríd an gCiste Nuálaíochta agus Fís Eorpach. Is é an príomhchuspóir smaointe ísealcharbóin a iompú ina réitigh phraiticiúla in go leor réimsí dár saol.

An raibh a fhios agat

Oibríonn breis agus 4.5 milliún duine go lánaimseartha in earnáil ghlas AE. An earnáil ghlas: poist a bhaineann leis an gcomhshaol a chosaint agus a chaomhnú, mar shampla i mbainistíocht uisce agus dramhaíola, athchúrsáil agus fuinneamh in-athnuaite.

Poist ar na bacáin

Ar mhaith leat gairm iontach a bheith agat leis na teicneolaíochtaí ceannródaíocha is déanaí? Tá a lán post ann inniu i réimsí ar nós foinsí in-athnuaite nach raibh ann 10 mbliana ó shin.

Tá ionaid oiliúna speisialta fiú bunaithe ag roinnt tíortha an Aontais chun na tuirbíní gaoithe amach ón gcósta a oibriú agus a chothabháil. Samhlaigh tú féin ag dreapadh túr tuirbín gaoithe 85 m ar airde chun locht leictreach a dheisiú nó seirbhís sa scagaire ola a sheirbhísiú ― giota maith ar shiúl ón gcósta agus ag obair i bhfarraigí stoirme agus gaoithe séideánacha!

Maireachtáil inbhuanaithe

Inbhuanaithe: A bheith ábalta a chinntiú go bhfuil agus go mbeidh na hacmhainní bunúsacha againn chun maireachtáil, ar nós uisce, bia agus fuinnimh. Le bheith inbhuanaithe caithfimid aire a thabhairt don phláinéad agus maireachtáil laistigh de na teorainneacha atá ar fáil ann.

Gníomh coincréiteach maidir le hastaíochtaí CO₂

Is ábhar tógála riachtanach í coincréit — a úsáidtear chun foirgnimh, bóithre agus droichid a dhéanamh — ach gintear méideanna móra CO2 fad a bhíonn a chomhábhar bunúsach, stroighin, á dhéanamh. Chun tonna amháin stroighne a dhéanamh scaoiltear tonna amháin CO2 toisc go ndéantar stroighin trí aolchloch a théamh go dtí teochtaí arda.

Déanann an tionscal stroighne coincréit níos inbhuanaithe anois trí infheistiú i dteicneolaíocht nua-aimseartha agus trí úsáid a bhaint as ábhar a astaíonn níos lú CO2.