In 1991, Denmark installed the world’s first offshore wind farm “Vindeby” which included 11 wind turbines.
I 1991, shuiteáil an Danmhairg “Vindeby”, an chéad fheirm ghaoithe amach ón gcósta, ina raibh 11 tuirbín gaoithe.
I 1991, shuiteáil an Danmhairg “Vindeby”, an chéad fheirm ghaoithe amach ón gcósta, ina raibh 11 tuirbín gaoithe.
Soláthraíonn foinsí in-athnuaite fuinnimh beagnach trian de leictreachas an domhain anois.
Ghin AE níos mó dá leictreachas in 2021 ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh (38 %) ná ó bhreoslaí iontaise (35 %).
Trí rud éigin a dhéanamh chun tuilte a chosc is féidir saol daoine a thabhairt slán agus airgead a shábháil: d’fhéadfadh gach 1 euro a chaitear ar chosc tuilte 6 euro a shábháil ar chostais athchóirithe!
Gearrtar limistéar d’fhoraois thrópaiceach atá thart ar an méid céanna leis an nGréig gach bliain.
Is san ithir a gheofar os cionn aon cheathrú de gach speiceas beo ar Domhan.
Tá beagnach gach tír sa domhan ina comhalta de Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide — is é sin 197 dtír, lena n-áirítear gach Ballstát an Aontais ina n-aonar, agus an tAontas mar eagraíocht.
Is é 7 dtonna CO2 in aghaidh na bliana meánlorg coise carbóin an Eorpaigh.
Ceapann breis is 90 % d’Eorpaigh gur fadhb thromchúiseach é an t-athrú aeráide. Cad é tuairim mhuintir do thíre féin? Faigh amach anseo
Chuaigh cathair na Veinéise breis is 20 cm faoi uisce sa 20ú haois.
Measann Foras Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe go bhfuil 71 as an 100 nó níos mó cineál bairr a sholáthraíonn 90 % den bhia ar fud an domhain, pailnithe ag beacha!
Ní úruisce é ach 2.5 % den uisce ar an Domhan. Tá dhá thrian de seo reoite in oighearshrutha agus i gcaidhpeanna polacha oighir. Mar sin bain úsáid chríonna as uisce!
Creideann eolaithe go bhfuil aibhneacha á n-aigéadú níos gaiste inniu ná a bhí ag am ar bith riamh le 300 milliún bliain anuas.
Ionsúnn aigéin thart ar 4 kg CO2 in aghaidh an duine sa lá.
Tharla os cionn 30 000 tubaiste nádúrtha ar fud an domhain idir 1900 agus 2015, a chosain €6 thrilliún.
An raibh a fhios agat go bhfuil a chlár satailíte féin ag an Aontas Eorpach chun breathnú ar an Domhan? Copernicus a thugtar air agus tá sé ar an gcóras is forbartha ar domhan chun monatóireacht a dhéanamh ar an bpláinéad. Sé fhine satailítí atá in Copernicus — “Fairtheoirí” — a léaschóipeálann íomhánna ardghléine den talamh agus den fharraige anuas chugainn. Is féidir le duine ar bith na híomhánna sin a úsáid, saor in aisce, do chuspóir ar bith, lena n-áirítear athruithe ar an aeráid agus ar an timpeallacht a rianú.
Murach an iarmhairt cheaptha teasa, bheadh an meánteocht ar an Domhan ag -18 °C fuar in áit an 15 °C compordach atá sé inniu — i bhfad rófhuar do phlandaí agus d’ainmhithe, agus dúinne chomh maith, chun maireachtáil!
Laghdaíodh astaíochtaí gás ceaptha teasa san AE de 23 % idir 1990 agus 2018.
Is le trian de na hinfheistíochtaí ó Ionstraim Théarnaimh AE, NextGenerationEU, agus buiséad 7 mbliana AE a mhaoineofar an Comhaontú Glas don Eoraip. Sin EUR 600 billiún!
Bronnadh duais Nobel na Síochána le chéile ar an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide agus ar iar-Leasuachtarán SA Al Gore in 2007 as a gcuid oibre ar an athrú aeráide.
In 2016, bhí an tAontas freagrach as níos lú ná 10 % d’astaíochtaí domhanda CO2, bhí an tSín freagrach as 29 % díobh agus na SA as 14 % díobh.
Tá sé mar aidhm ag AE astaíochtaí ón iompar a laghdú de 90 % ar a laghad faoi 2050.
Ola chócaireachta, craicne torthaí agus fuílleach glasraí a thiontú go breosla cairr.
Oibríonn breis agus 4.5 milliún duine go lánaimseartha in earnáil ghlas AE. An earnáil ghlas: poist a bhaineann leis an gcomhshaol a chosaint agus a chaomhnú, mar shampla i mbainistíocht uisce agus dramhaíola, athchúrsáil agus fuinneamh in-athnuaite.
Faoi dheireadh 2020, beidh ar gach foirgneamh in AE a bheith neodrach ó thaobh carbóin de, nó geall leis.
Cumhdaíonn cathracha thart ar 2% de dhromchla an Domhain ach tá níos mó ná leath de dhaonra an domhain ina chónaí iontu.
Is ionann ídiú fuinnimh foirgneamh a thógtar sa lá atá inniu ann agus thart ar aon trian d’ídiú fuinnimh na bhfoirgneamh a tógadh roimh 2005.